Tá cinntí beirt pearsa spórt mór le rá ón Rúis teacht amach mar dhaoine aeracha le déanaí tar éis aird a tharraing ar an slí a chaitear le daoine aeracha sa tír sin.
I lár na míosa seo caite d'fhógair an timreoir leadóige Daria Kasatkina a go bhfuil sí i gcaidreamh le bean agus cháin sí an dearcadh i leith homognéasachais sa Rúis. Tá cónaí ar Kasatkina sa Spáinn anois.
An mhí roimhe sin tháinig an t-imreoir peile Nadya Karpova amach mar dhuine aerach. Fear aerach ón Rúis é Nikita Koptev atá ina scoláire i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, agus atá ina chónaí in Indreabhán i gConamara. Thaifead sé an colún raidió seo don chlár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin smaointe fhéin ar an ábhar seo.

Bhí m'óige sna nóchaidí agus sna náideanna luath, nuair a bhí an cuma ar an scéal go raibh cúrsaí ag athrú chun feabhais ó thaobh cursaí LADTA sa Rúis. Rinneadh díchoiriú ar an hómaighnéasachas i 1993. Ina dhiaidh sin bhí trasfheisteoirí le feiceáil ar theilifís an stáit agus i gceolchoirmeacha teaghlaigh teilifíse, agus foilsíodh go leor litríocht agus irisí faoin bpobal LADTA. Bhí an-tóir fiú an ar an dís ceoil leispiach TATU, agus ghlac siad páirt sa chomórtas Eurofíse ar son na Rúise i 2003. Bhí an cuma ar an scéal go raibh an Rúis ag leanúint sampla thíortha liobrálacha an iarthair.
Thosaigh gach rud ag athrú go mall le teacht Vladamir Putin i 1999. Cé gur shíl an tIarthar gurbh liobrálach é, briseann an dúchas trí shúile an gníomhaire KGB.
Thosaigh sé a réimeas le brú ar na meáin neamhspleácha. Ansin thosaigh sé ag maíomh as a 'luachanna traidisiúnta’ ar nós an teaghlach agus an ceartcreidmheachas, mar gur thuig sé go raibh tacaíocht an dream is boichte sa tsochaí de dhíth air. Thosaigh an Eaglais ag imirt ról tábhachtach chun tacú lena ghreim ar an gcumhacht. Ag an bpointe sin sa stair thosaigh an Rúis ag cúlú go dtí ‘laethanta glórmhara na staire’ mar dhea. B’é seo ré an Aontas Sóivéadaigh dár le roinnt daoine, nó ré Impireacht na Rúise dár le daoine eile.
Bhí dhá champa ann i gcónaí. Iad siúd a raibh luí acu le luachanna an iarthair, agus na náisiúnteoirí. Bhí luí ag an gcéad dream leis an liobrálachas agus an t-idirnáisiúnachas agus bhí siad sna cathracha móra don chuid is mó. Mhair an dara dream sna cathracha níos lú agus sna sráidbhailte don chuid is mó.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí an cuma ag an scéal sna nóchaidí, go raibh buaite ag luachanna an iarthair, meas ar chearta an duine agus rial an dlí. Ach ag tús na mílaoise nua, ba léir do Putin nach rachadh luachanna an iarthair agus riail an dlí chun tairbhe dó. Go mall ach go réidh, thosaigh an Stat ag cothú an seinefóibe, agus luachanna traidisiúnta mar a thugtaí orthu, mar bhealach le cur i gcoinne an iarthair
I 2008 nuair a bhíos ocht mbliana déag d’aois, agus i mo mhac léinn i mo bhaile dúchais i ndeisceart na Rúise, bhíos i mbun taighde faoin seineafóibe agus an homofóibe i gCónaidhm na Rúise. Bhíos leis an taighde a chur i láthair ag comhdháil, ach seachtain roimhré d’éiligh mo stiúrthóir go bhfágfainn amach an taighde faoin homofóibe. Dúirt sé nach raibh aon homofóibe sa Rúis agus muna ndéanfainn mar a dúirt sé, nach mbeadh sé sásta a bheith luaite mar stiúrthóir agam. Dár ndóigh bheartaigh mé mo thaighde a chur i láthair gan stiúrthóir a bheith luaite leis.
Bhí an peileadóir Rúiseach Nadezhda Karpova agus an t-imreoir leadóige Daria Kasatkina ábalta teacht amach mar dhaoine aeracha le déanaí mar go bhfuil cónaí orthu sa Spáin, agus ní sa Rúis.
Thosaigh an ghluaiseacht i gcoinne LADTA, nuair a ritheadh reachtaíocht i 2013 i gcoinne bholscaireacht ar son luachanna neamhthraidisiúnta, mar a tugadh air. Tá doiléireacht i ndréachtadh an dlí agus baintear leas as go minic chun ionsaí a dhéanamh, ar ghníomhaíochtaí cultúrtha an phobal LADTA. Dúradh gur ar son páistí a chosaint a tugadh isteach an dlí.
I mbliana déanadh dhá iarracht dlí eile fós a thabhairt isteach. Mhol ionadaithe poiblí sa Chrímé gafa, dlí feidearálach i gcoinne bholscaireacht ar son caidrimh neamh thraidisiúnta. Diúltaíodh dó ar bhonn teicniúil ach ní ar bhonn ídé-eolaíoch. Ansin reáchtáil Ceann Comhairle an Duma - nó an parlaimint - pobalbhreith ar an meán sóisialta Telegram faoin gceist chéanna. Bhí toradh na pobalbhreithe go mór ar son cosc iomlán ar bholscaireacht, mar dhea, ar son caidrimh neamhthraidisiúnta. Ansin seachtain nó dhó ina dhiaidh sin mhol ionadaithe ón bPáirtí Cumannach dlí dá leithéid sa Duma.
Níl aon amhras orm ach go gcuirfear leagan éigin den reachtaíocht seo I bhfeidhm. Is é an toradh a bheidh ar seo ná gur daoine den dara ghrád a bheidh sa phobal LADTA. Beidh sé i gcoinne an dlí a léiriú go bhfuil an luach sóisialta céanna ag caidrimh neamhthraidisiúnta is atá ag caidrimh thraidisiúnta. Agus bainfidh sé seo ní amháin le hábhar atá dírithe ar pháistí ach le gach saghas ábhar craolta, ar líne nó I gcló.
Is in olcas atá cúrsaí ag dul sa Rúis i gcaitheamh an ama. Tá cúiseanna éagsúla leis seo – bochtannas agus easpa saoirse agus cearta, clár oibre Putin agus an rialtais, agus díghrádú an chóras oideachais.
Má tá ceacht ar bith le foghlaim againn ón stair, níl i gcuir faoi chois an phobal LADTA ach an chéad chéim. Ansin téann siad níos faide agus iad sa tóir ar naimhde an stáit.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.