skip to main content

Fás, forbairt agus féile: Fleadh Cheoil na hÉireann

Labhair an láithreoir agus ceoltóir Doireann Ní Ghlacáin ar an gclár Adhmhaidin faoi Fleadh Cheoil na hÉireann atá ar siúl sa Mhuileann gCearr an tseachtain seo.

Ag caint ar thábhacht na féile, dúirt Doireann gurb í an fhéile is mó dá leithéid sa domhan agus go bhfuil ceoltóirí ag teacht ní hamháin ó gach cearn den tír seo ach ó thíortha ar fud an domhain mhóir le deis a fháil seinnt le ceoltóirí eile.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Mar nach raibh an deis seo ag ceoltóirí teacht le chéile le roinnt blianta anuas, tá níos mó éileamh ná ariamh ar an bhféile, a deir Ní Ghlacáin. Ag caint ar fhorbairt an cheoil, cosúil le gach ní cultúrtha eile, deir Doireann go bhfuil an traidisiún ag athrú agus gur chomhartha é sin go bhfuil an cultúr beo fós.

Dé Sathairn seo chugainn, 6 Lúnasa, beidh Neansaí Ní Choisdealbha sa chathaoir don chlár ceoil seo beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann sa Mhuileann gCearr, an clár deireanach don bhliain seo do RnaG. Beidh ceoltóirí den scoth, idir óg agus aosta, amhránaithe, damhsóirí agus lucht tacaíochta le cloisteáil ar an gclár.

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9