Labhair Póilín Nic Géidigh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar fhéiniméan an chláir, Love Island anois go bhfuil deireadh tagtha leis an séasúr seo.

Mhínigh Póilín gur feiniméan sách nua é an clár seo atá dul ó neart go neart agus an lucht féachana ag fás gach bliain. Tá Póilín den tuairim go bhfuil daoine tógtha leis mar go mbaineann sé le a bheith ag féachaint ar shaol dhaoine eile agus ag cúlchaint futhu sa bhaile agus, dár ndóigh, ar na meáin shóisialta.

Tá an pobal páirteach ann sa tslí agus gur féidir leis an bpobal vótaí a chaitheamh ach chomh maith le sin go mbíonn plé dhomhain mar gheall ar gach ní faoin spéir ar phodchraoltaí agus ar na meáin shóisialta.

Luaigh Nic Géidigh go ndearnadh cáineadh mar gheall ar an gclár seo go minic mar gheall ar an mbrú a bhíonn ar na rannpháirtithe agus iad i dteach ar feadh an tsamhraidh.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.