Labhair John Breen ó Chomhairle Chontae Chiarraí ar an gclár Morning Ireland mar gheall ar an socrú trialach trácht a chur bealach amháin timpeall Cheann Sléibhe i gCorca Dhuibhne leis an trácht a cheannsú.
Dúirt Breen go ndearnadh amhlaidh i ndiaidh na Cásca ar feadh cúpla lá agus gur éirigh go maith leis ach anois go bhfuil muid anois i lár an tséasúir turasóireachta in Iarthar Chiarraí.
Mairfidh an triail seo trí seachtaine agus chuir Breen béim an tslí go bhfuil an triail á cur i bhfeidhm, go roghnach agus an plean ná go molfar do dhaoine dul timpeall na leathinse bealach amháin nuair a thagann siad chomh fada le trá Chom Dhíneol.
I measc na mbuntáistí a luaigh Breen a tugadh faoi deara nuair a bhí an socrú seo i bhfeidhm roimhe, bhí trácht in ann bogadh timpeall níos tapúla ach go háirithe ag amanna nuair a bhíonn an trácht trom.
Dúirt Breen go mbeidh duine faoi leith ag obair ar an mbóthar le moladh do thiománaithe an chomhairle a ghlacadh dul timpeall bealach amháin agus dúirt Breen gur mór an chabhair an fostaí seo a bheith ann le labhairt le daoine.
Tá amhlaidh i bhfeidhm i Mórchuaird Chiarraí, áit a bhfuil go leor feithiclí móra agus busanna agus tá ag éirí go maith leis ann.
Éist le Morning Ireland ar RTÉ Radio One ón Luan go hAoine idir 7 agus 9