Labhair an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bpolaiteoir, David Trimble agus an oidhreacht a d'fhág sé ina dhiaidh.
David Trimble, duine de phearsa móra Chomhaontú Aoine an Chéasta, iar-cheannaire an UUP, 'théis bháis. Bronnadh duais Nobel na síochána ar Trimble chomh maith le John Hume, nach maireann.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Luaigh Póilín go raibh tábhacht faoi leith le crógacht agus misneach Trimble ach go háirithe nuair a bhí air chinntí dúshlánacha a thógáil maidir leis an bpróiséas síochána. Bhí brú mór air ó dhaoine laistigh agus lasmuigh dá pháirtí chomh maith le dílseoirí ach rinne sé an margadh agus sheas sé leis, a dúirt sí.
Tháinig Trimble ó chúlra neamhghéilliúil agus dúirt na daoine a d'oibrigh leis cé gur thóg sé tamaill fhada air cinneadh a dhéanamh ach d'fhás sé agus d'fhorbair sé mar pholaiteoir agus thuig sé gurb í an tsíocháin an tábhachtaí do Thuaisceart Éireann.
'Tá daoine beo inniu nach mbeadh beo murach an seasamh a thóg David Trimble'
Bhí amanna dúshlánacha ag Trimble i ndiaidh dó Comhaontú Aoine an Chéasta a shíniú agus cosaint ag teastáil uaidh féin agus a theaghlach mar go raibh bagairt fhoréigeanach orthu.

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 8.