Is i Maigh Eo a bhí foireann Iris Aniar ar cuairt ar oileán Acla, Iris Aniar beo as Ionad Ealaíon, Áras Inis Gluaire i Maigh Eo
Bhí siad ag comhrá le pobal an cheantair agus eagraíochtaí ansin. Labhair Seán Ó Coisdealbha ó Údarás na Gaeltachta ag cur síos ar chúrsaí forbartha in Iorras.
Seán Ó Gallchóir ó Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhile ag caint faoi Áras Scéalta an Atlantaigh, ionad turasóireachta atáthar ag forbairt ar an Eachléim. Ionadaithe ó Choláiste Uisce, coláiste samhraidh sa cheantar agus Bríd Ní Sheighin ag caint faoin bplean fuinnimh do cheantar Iorrais.
Éist anseo le Dúshlán na Feirme, clár faoin bhfeirmeoireacht chomhaimseartha, tá an clár seo ag díriú ar fheirmeoireacht chaorach ar oileán Acla.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dé Céadaoin- Beidh Iris Aniar beo ó Choláiste Acla, atá ann le 30 bliain.
Beidh Treasa ag comhrá le cuid de na daoine óga atá ag freastal ar an gcoláiste agus le múinteoirí, an príomhoide Máirtín Ó Mainnín san áireamh.
Tá an scoil samhraidh Scoil Acla ar siúl faoi láthair, agus beidh ceol beo acu le haoi-cheoltóirí ón scoil.
Éist le Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ag 9.15