skip to main content

An Ríocht abú!

Rinne Dara Ó Cinnéide, Seán Ó Súilleabháin agus Elaine Uí Bheaglaoích anailís ar Chluiche Ceannais na hÉireann ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Dara go raibh an bua i muintir na Ríochta ach gur thóg sé gníomh misnigh ó mbainisteoir, Jack O' Connor imreoirí a bhaint den pháirc ag leatham agus dá Spillane a chur isteach. Ag cur síos ar ghaiscíocht Chiarraí, dúirt Ó Cinnéide gur 'iarracht fónta' a bhí ann uatha.

Cé go bhfuil an cluiche athraithe le tamaill anuas, dúirt Ó Cinnéide go mbíodh drogall ar fhoirne Chiarraí dul i dtreo an chuiche cosanta go dtí le déanaí. Nuair a thóg O' Connor ról an bhainisteora in athuair agus nuair a thóg sé fear as Tír Eoghain isteach mar chuid den fhoireann bainistíochta ina theannta, dúirt Dara go raibh go leor comhartha ceiste ann ach gur freagraíodh gan aon cheann dóibh siúd sa chluiche ceannais.

Jack O' Connor, bainisteoir Chiarraí

Dúirt Cathaoirleach, Dingle GAA agus athair Thomáis Uí Shúilleabháin go raibh a chroí ina bhéal aige mar gheall ar an imní a bhí air féin agus a bhean ag féachaint ar an gcluiche ach anois go bhfuil siad ar mhuin na muice. Labhair Elaine Uí Bheaglaoich, máthair Bhrian Uí Bheaglaoich ar an mbród atá uirthi i ndiaidh an chluiche agus an faoiseamh a bhaineann leis an mbua.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00