Labhair bainisteoir Chiarraí le Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin ullmhúchán atá ar bun aige agus a fhoireann do chluiche ceannais peile na hÉireann i gcoinne na Gaillimhe.
Luaigh O' Connor go bhfuil dátaí an chomórtais athraithe anois agus go bhfuil sé dúshlánach ar an bhfoireann a bheith réidh don chluiche ceannais i gcoinne na Gaillimhe. Cé nach bhfuil stair mhór idir Ciarraí agus Gaillimh, mar atá idir Ciarraí agus Áth Cliath, dúirt O' Connor go mbeidh a fhoireann féin ag díriú isteach ar a dtaispeántas féin ar an lá, seachas a bheith ag smaoineamh faoin nGaillimh.
Tá feabhas le déanamh ag foireann Chiarraí, a deir O' Connor, agus é ag trácht ar an gcluiche leathcheannais, dúirt sé go raibh siad maith go leor leis an mbeart a dhéanamh ach go bhfuil níos mó ná sin ag teastáil le Corn Sam Mhic Uidhir a thabhairt abhaile chun na Ríochta.
Lá mór is ea cluiche ceannais na hÉireann do gach duine, ach go háirithe do na himreoirí agus sula dtugann siad aghaidh ar an nGaillimh, tá go leor eile le déanamh acu, a deir sé.
Tá brú ollmhór ag baint le post an bhainisteora, ach mar go bhfuil taithí ag O' Connor ar an ról, tá sé in ann taitneamh a bhaint as an lá mór i bPáirc an Chrócaigh.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00