Labhair Ali Spillane le Séamus Ó Scanláin ar an gclár An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a cúlra agus a cuid oibre leis an margaíocht dhigiteach.
Bíonn Gaeilgeoirí óga na linne seo faoi agallamh ag Séamus Ó Scanláin sa tsraith seo, agus inniu beidh sé i mbun comhrá le Ali Spillane as Port Laoise. Cé nár tógadh le Gaeilge Ali, dúirt sí go raibh an Ghaeilge i gcónaí ina saol ach go bhfuil an Ghaeilge ina croílár dá saol anois agus í ina cónaí i gCathair na dTreabh agus ag obair le Lorg Media.
Is saineolaí í Ali ar chúrsaí margaíochta agus ar na meáin shóisialta, agus tá sí ag obair leis an gcomhlacht Lorg Media i gcathair na Gaillimhe faoi láthair.

Roimhe sin, chaith sí seal ina hiriseoir le suíomh idirlín RTÉ. Tá an-luí aici leis an nGaeilge agus cuimhní iontacha aici ar thréimhsí a chaith sí ag foghlaim na teanga i gConamara. Déanann sí cur síos sa gclár seo ar an úsáid a bhaineann an ghlúin óg as na meáin-shóisialta agus cén leas atá le baint astu mar uirlis margaíochta.
Éist le An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt 1.30