Scríobhann an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin mar gheall ar bhánú tuaithe atá ag creimeadh phobal i gcontae Mhaigh Eo sa chlár Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Sa tsraith seo, cloisfear meascán de thuairimí, de thaithí saoil, is de chuimhní cinn, ó scríbhneoirí nua agus aitheanta araon.
Scríobhann Áine mar gheall ar an titim ollmhór atá tagtha ar dhaonra i gceantair áirithe de Mhaigh Eo, áit a bhfuil scoileanna i mbun margaíochta le daltaí a earcú agus clubanna CLG ag streachailt le himreoirí a chur chun páirce.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain ag 2.05pm