Scríobhann an tráchtaire agus craoltóir, Garry Mac Donncha, a bhéas ag déanamh tráchtaireachta i nGaeilge ag cluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh mar gheall ar an gcath fíochmhar a bheidh ann i bPáirc an Chrócaigh.
Is deacair a chreidiúint go bhfuil cluiche ceannais peile na hÉireann buailte linn agus seachtain fágtha i mí Iúil. Go pearsanta, b'fhearr liom i bhfad dá mbeadh na cluichí ceannais iománaíochta agus peile ar siúl i mí Lúnasa, ach tuigim nach féidir gach duine a shásamh agus creidim go bhfuil fiúntas ag baint le séasúr scoilte, go háirithe ó thaobh na himreoirí club, ach é sin ráite, labhair mé le go leor daoine atá sáite sa CLG le roinnt seachtaine anuas agus don chuid is mó tá siad ar aon tuairim liom féin. Ach sin argóint do lá níos faide anonn.
Dé Domhnaigh beag seo casfaidh Ciarraí agus Gaillimh ar a chéile i gcluiche ceannais peile na hÉireann don deichiú uair ar fad, le dhá athimirt san áireamh, agus don chéad uair ón bhliain 2000. D’imir Ciarraí sa gcluiche ceannais dhá uair déag ó shin i leith, iad caithréimeach cúig bhabhta, ach níl ach cluiche ceannais amháin eile sroichte ag Gaillimh idir an dá linn, b’shin i 2001 nuair a bhuail siad an Mhí.

Níl Craobh na hÉireann buaite ag Ciarraí ó 2014, agus sin gorta sa Ríocht. Ag tús na bliana bhí Ciarraí áirithe mar rogha na coitiantachta le Corn Mhic Uidhir a chrochadh faoi cheann scríbe na craoibhe. Bhí Jack O’Connor ar ais i bhfeighil orthu, fear a bhí ina bhainisteoir faoi dhó cheana ar Chiarraí agus ar an stiúir nuair a bhuadar Craobhacha Uile-Éireann i 2004, 2006 agus 2009. Tá sean-aithne aige ar chuid mhaith do phainéal Chiarraí toisc gurb é a bhí i gceannas ar mhionúirí an chontae a bhuaigh cluichí ceannais na hÉireann i 2014 agus 2015, le imreoirí ar nós Tom O’Sullivan, Jason Foley, Brian Ó Beaglaoich, Gavin White agus Seán O’Shea.
Bhí Ciarraí an-láidir sa tSraith Náisiúnta agus thug siad léasadh cúig phointe dhéag do Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na sraithe i mí Aibreáin. Ach níor cuireadh aon tástáil cheart orthu i gCraobh na Mumhan (seanscéal agus meirg air!!) agus bhí bua éasca acu i gcoinne Mhaigh Eo sa mbabhta ceathrú-ceannais.
Is i gcoinne Bhleá’ Cliath coicís ó shin a chonaic muid brú á chur ar pheileadóirí na Ríochta don chéad uair sa chraobh, ach nuair a bhí an lasair sa bharrach, go háirithe théis d’fhoireann na hArdchathrach tarraingt gob ar ghob le Ciarraí agus an 70 nóíméad thuas, tháinig siad slán as nuair a scóráil Seán O’Shea pointe na gcéadta bliain le cic saor ó 55 méadar. Bheadh cluiche dá leithéid caiillte ag foirne eile ó Chiarraí le blianta beaga anuas ach bhí sé tuillte acu an ceann is fearr a fháil ar Bhléa’ Cliath don chéad uair ó 2009.
Níl ach trí chúl scaoilte isteach acu i gcúig chluiche dhéag i mbliana idir Corn Mhic Craith, an tSraith Náisiúnta agus an Chraobh, le tionchar Paddy Tally an-fheiceálach ar an bhfoireann. Chaith Tally bliain le Gaillimh i 2018 i dteannta bainisteoir na foirne ag an am Kevin Walsh agus bheadh aithne mhaith aige ar go leor d’imreoirí na Gaillimhe. É sin ráite, níl ach trí chúl aimsithe ag Ciarraí sa chraobh go dtí seo, ach fós féin nuair atá David Clifford ábalta scóráil gan stró mórán aon uair atá sé i mbun seilbhe, b’fhéidir nach bhfuil gá leis an eangach a chroitheadh ró-mhinic.
Maidir le Gaillimh, is cinnte go mbeadh tú ag smaoineamh gur fada an bóthar nach bhfuil casadh ann agus muid ag trácht orthu. D’imir siad go deireadh sa gcluiche ceannais i 2001 i gcoinne na Mí, áit a bhfuair siad an ceann is fearr orthu le farasbarr naoi bpointe. B’é Padraic Joyce laoch na himeartha an lá sin, é ag aimsiú 10 bpointe ar fad i gceann de na taispeántaisí dara leath is fearr a facthas ó aon lán tosach riamh i gcluiche ceannais uile-Éireann. Ag an am bhí Gaillimh in ard réime ó thaobh cúrsaí peile de. Trí bliana roimhe sin thugadar leo Corn Mhic Uidhir thar Sionnain don chéad uair ó 1966 agus in aineoinn gur chlis siad i gcoinne Chiarraí in athimirt sa bhliain 2000, bhí mí-ádh orthu an chéad lá sa gcluiche a chríochnaigh ar chó-scór agus bhí Ciarraí fíor-bhuíoch athimirt a fháil.
Cheap lucht tacaíochta na Gaillimhe ag an am go raibh neart laethanta glórmhara ós a gcomhair i ndiaidh imirt i dtrí chluiche ceannais in imeacht cheithre bliana, le dhá chraobh buaite. Ach ní mar a shíltear a bhítear agus is iomaí droch lá a bhí ag peileadóirí an chontae ó shin i leith agus bheadh sé bliana déag caite sula mbuafadh Gaililmh cluiche peile eile i bPáirc an Chrócaigh. Agus ins na blianta sin chaith lucht tacaíochta na Gaillimhe a n-am ag féachaint go héadmhar ar a gcomharsana béal dorais i Maigh Eo ag buachaint cluichí mór I bPáirc an Chrócaigh go rialta agus ag baint áit amach in ocht gcluiche ceannais idir 2004 agus 2021. Ach mar is eol do chách, chaill siad chuile ceann acu.
Nuair a ceapadh Padraic Joyce ina bhainisteoir i mí Dheireadh Fómhair 2019 dúirt sé gurb é an sprioc a bhí aige ná Craobh na hÉireann a thabhairt ar ais go Gaillimh. Bhí go leor den tuairim nach raibh ann ach gaoth mhór, ach anois ina thríú séasúr i bhfeighil orthu tá Gaillimh ar thairseach na staire. Tuigeann na himreoirí an córas imeartha ata curtha i bhfeidhm ag Joyce, atá cosantach nuair atá gá leis, ach atá fíor-chontúirteach ag dul chun tosaigh le peileadóirí ar nós Shane Walsh, Damien Comer agus Rob Finnerty. Is léir freisin go bhfuil a lorg fágtha ag cóitseálaí na foirne Cian O’Neill ar an bhfoireann, fear a thug Joyce isteach ag tús na bliana agus fear dála an scéil a bhí ina chóitseálaí ag iománaithe Thiobraid Árann i 2010 agus peileadoirí Chiarraí i 2014 nuair a bhuadar Craobhacha Uile-Éireann.
Bhí buanna maithe acu i gCraobh Chonnachta ar Mhaigh Eo, Liatroim agus Ros Comáin ach is dóigh liom gur thug a mbua ar Ard Mhacha sa gcluiche ceathrú-ceannais an-uchtach go deo dóibh. Agus in aineoinn gur thóg sé os cionn 20 nóiméad orthú scór a chlárú i gcoinne Dhoire coicís ó shin, bhí siad foighdeach agus d’oibrigh siad amach an tslí le seaimpíní Ulaidh a chur de dhroim seoil gan mórán stró.
Ní bheidh ach cúigear do phainéal seisear s’ fiche na Gaillimhe a bhuail Ciarraí an uair dheireanach a d’imir siad sa chraobh i 2018 ar dualgas Dé Domhnaigh i gcomparáid le dhá imreoir déag a bhí ar an bpainéal ag Ciarraí an lá céanna, a thaispeánann an easpa taithí atá ag Gaillimh le hais a gcéilí comhraic, agus ár ndóigh d’imir formhór d’imreoirí na Ríochta i gcluiche ceannais agus athimrt 2019.
Tá mé ag súil le fíor-choimhlint ar an Domhnach. Seans go mbeidh an chéad ceathrú teann go maith ach is dóigh liom go mbeidh neart deiseanna scórála ag an dá thaobh le linn an 70 nóiméad agus fágfar faoi na naoscairí é an gnó a dhéanamh. An mbeidh Ciarraí ábalta srian a chur ar Damien Comer agus an mbeidh Gaillimh ábalta a mhacasamhail a dhéanamh le David Clifford? An mbeidh Shane Walsh ina laoch nó b’fhéidir Paul Geaney? An mbeidh Tom O’Sullivan chomh héifeachtach arís nó an mbeidh tionchar ollmhór ag John Daly na Gaillimhe ar an imirt. An mbeidh Paudie Clifford nó Cillian McDaid ina laochra na himeartha?
Gheobhaidh muid freagraí ar na ceisteanna sin ar fad thart ar a 5.00 ar an Domhnach. I mo theannta sa mbosca tráchtaireachta beidh Dara Ó Cinnéide, a bhi ag imirt sa bhliain 2000 nuair a bhuail Ciarraí Gaillimh i ndiaidh athimirt. Beidh an bheirt againn gairmiúil agus muid i mbun ár gcuid dualgaisí ach beidh duine againn breá sásta faoi cheann scríbe!!
Beidh tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil do chluiche ceannais peile na hÉireann idir Ciarraí agus Gaillimh Dé Domhnaigh ar an RTÉ Player, RTÉ News Channel agus ar Saorview.