Labhair Ellen Hegarty agus Micheál Ó Cinnéide ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an tonn teasa agus a bhfuil le rá ag saineolaithe faoin ngéarchéim aeráide.
Thomhais Met Éireann teochtaí in Éirinn os cionn 30 céim Celsius ach deir saineolaithe nach eisceacht a bheidh anseo sna blianta amach romhainn.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dúirt Ellen ar tréidlia í chomh maith le léiritheoir ar an bpodchraoladh Climate Alarm Clock atá sa Fhrainc faoi láthair go raibh na páistí ag fulaingt agus go bhfuil sé an-deacair éalú ón teas. Dúirt sí go bhfuil rabhadh dearg fógartha ag rialtas na Fraince do dheisceart na Fraince.
'Ní féidir le héinne againn éalú ón athrú aeráide anois'
Labhair Micheál Ó Cinnéide, Iar-Stiúrthóir an EPA faoin mbaol ann gur mar seo a bheidh an samhradh amach anseo agus nach eisceacht iomlán é an tonn teasa seo. Luaigh Ó Cinnéide go bhfuil eolaithe ag tuar na n-athruithe suntasacha ar an aimsir le os cionn scór bliain agus anois go bhfuil scrios á dhéanamh i dtíortha timpeall an domhain.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.