skip to main content

Seirbhísí Sláinte do Mhuintir na Gaeltachta

Labhair Painéal an Luain ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an tuarascáil a d'fhoilsigh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta a léirigh nach raibh ach 26% de na teaghlaigh a bhí ag tógáil a gclann le Gaeilge in ann seirbhís i nGaeilge a fháil ó dhochtúir teaghlaigh nó altra phoiblí.

Dúirt Ceannasaí Thuismitheoir na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair ar an gclár Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur tháinig an tuarascáil seo as suirbhé a cuireadh ar an bpobal labhartha Gaeilge anuraidh.

D'eascair an tuarascáil seo as tuairimí a tháinig chun cinn ó shuibhé pobail a chur Tuismitheoirí na Gaeltachta le chéile, áit ar léirigh na rannpháirtithe go raibh siad réasúnta sásta leis seirbhisí oideachais agus cultúrtha ach go raibh an-bhearna sa chóras leighis.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tá an teanga ina gcuirtear cóir leighis an-tábhachtach i gcásanna áirithe, mar shampla, dóibh siúd a bhfuil uathachas orthu agus tháinig sin chun cinn sa tuarascáil seo.

Ag caint ar an tuarascáil seo, deir Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil deacracht ann dochtúir a fháil in aon teanga i láthair na huaire, mar gheall ar an éileamh mór atá orthu sa lá atá inniu ann.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6