Labhair Mac Dara Mac Donncha agus Anne Mulqueen ar An Saol Ó Dheas faoi Chluiche ceannais iomána na hÉireann.
Luaigh Macdara go raibh an t-atmaisféar dochreidte ar fad agus gur lean an fuinneamh ar aghaidh go dtí gur bhain foireann Luimnigh. Cé go raibh Cill Chainnigh iontach uilig, dúirt Macdara fad agus a bhí sé ag féachaint ar an gcluiche nach raibh sé buartha riamh go mbuafaidís ar Luimneach.
Bhí go leor ag rá gurb é cluiche an Domhnaigh ar an gcluiche ab fhearr a bhí ariamh ann ó thaobh chruinneas an dá fhoirne ach go háirithe d'fhoireann Luimnigh.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00