Labhair Pól Penrose ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhféile Bród na Gaeltachta atá ag tarlú i dTír Chonaill an tseachtain seo.
Féile le téama ionchuimsiú agus aontú a bheas ann,le béim láidir ar an phobal LADTAI móide sa Ghaeltacht. Beidh an fhéile dátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge, a deir an lucht eagraithe.
Éist anseo le heagrán speisialta de Bheo ar Éigean ag caint faoin bhféile Bród
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Beidh go leor éagsúlachta ar fáil don phobal, imeachtaí d'achan aois agus inscne, drámaí, ceol, filíocht, léachtaí, ranganna Gaeilge, siúlóidí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ar siúil, chomh maith le mórshiúl carnabhail agus CLUB LUGH Sé Sathairn seo tríú la fichead le BRÓD a cheiliúradh.
Tá an lucht eagraithe ag súil do dtiocfaidh go leor grúpaí eile ó thaobh amuigh den cheantar go Cloich Cheann Fhaola le ceiliúradh leis an phobal go háitiúil.
Tá BRÓD na Gaeltachta ag obair i gcomhpháirtíocht le Pobail le Chéile agus Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola le go mbeidh béim láidir agus tús áite ag an Ghaeilge le linn imeachtaí na seachtaine BRÓD.
Éist le Barrscéalta ón Luan go hAoine idir 11.08 agus meánlae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta