Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi na nithe a chuireann isteach orthu agus an tslí go dtéann siad i ngleic leo. Cad a dhéanann muid nuair a bhíonn fearg, frustrachas orainn nó nuair an saol a luíonn go trom orainn?

Beo ar Éigean ag caint ar na mothúcháin fhisiciúla a bhraitheann siad nuair a bhíonn fonn orthu an fuinneamh sin le scaoileadh, bealach amháin nó bealach eile.

Deir Áine go mbraitheann sí an fhearg ó bhun go barr ach go bhfuil gá aici an mothúchán sin a scaoileadh amach. Luaigh Sinéad go ndéanann sí iarracht a bheith gealgáireach ach nach féidir a bheith mar sin an t-am ar fad.

Éist le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One Dé Domhnaigh 6pm nó aon am pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.