Monday 18th July, 8.00pm ar RTÉ ONE nó aon am ar an RTÉ Player.
Bog Amach- an seó a chabhraíonn le daoine aistriú go dtí an tuath agus tithe a aimsiú ann. Tá Sinéad, Abel agus a gclann og ag cuartú áit chónaithe nua in Uíbh Rathach, Co Chiarraí.
Bog Amach – the show helping people find their dream homes in rural Ireland. Sinead, Abel and their young family are seeking the perfect place in the Uíbh Ráthach Peninsula in Kerry.
Tá méadú mór ar an líon daoine atá ag malartú saol na cathrach, le tranglaim tráchta agus brú spáis, le saol nua, ciúin i gceantair tuaithe. Tá go leor acu meallta ag ceantair cois cósta, in aice sléibhte agus radharcanna deasa agus iad ar thóir saol nua. Réabhlóid shóisialta atá san 'obair ón mbaile’ d’oibrithe agus d’fhostóirí agus bunaithe air sin, tá go leor daoine in ann a n-aislingí a leanacht.
Má tá daoine ag iarraidh oibriú ón mbaile, cén fáth nach mbeadh cónaí orthu sna háiteanna is áille sa tír? Deir gníomhairí tithíochta go bhfuil an-tóir ag daoine ar thithe amuigh faoin tuath.
Sa tsraith nua seo ina sé chuid, buailfidh an láithreoir Tessa Fleming le seisear clann i gcuid de na háiteanna is tarraingtí sa tír agus, le chéile, feicfidh siad an cineál saoil nua a bheadh rompu. Beimid ag taisteal ó thuaisceart Dhún na nGall go Sligeach, go Conamara, agus go deisceart Chiarraí ag féachaint ar na dúshláin agus ar na buntáistí a bhaineann le saol na tuaithe. Feicfimid raon leathan tithe i ngach áit – uathu siúd a dteastaíonn athchóiriú mór uathu go dtí na tithe atá réidh le siúl isteach iontu.

Gach seachtain cuidíonn Tessa le clann nó lánúin difriúil. An mbeidh siad in ann a n-aisling a aimsiú?
Beidh trí theach le taispeáint gach seachtain – ón ‘do-er upper’ go dtí an teach gleoite críochnaithe agus beidh an praghas dá réir. Beidh idir dhúshláin agus phléisiúr i ngach cuairt.
Ní faoi thithe amháin atá an tsraith ‘Bog Amach.’ Beimid ag díriú ár n-aird ar stíl bheatha na gceannaitheorí, féachaint le fáil amach an bhfeilfidh an ceantar a roghnaigh siad dóibh. Labhróimid le daoine gairmiúla agus le muintir na háite le comhairle a fháil uathu
Monday 18th July, 8.00pm ar RTÉ ONE nó aon am ar an RTÉ Player.