Beidh tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil do chluiche ceannais iomána na hÉireann idir Cill Chainnigh agus Luimneach Dé Domhnaigh ar an RTÉ Player, RTÉ News Channel agus ar Saorview.
Is iad na tráchtairí Garry Mac Donncha agus Pat Fleury a thabharfaidh comhluadar dóibh siúd nach mbeidh i bPáirc an Chrócaigh ar an lá mór.
Éist anseo le tuairimí Mhacdara Mhic Dhonnadha mar gheall ar an gcluiche is tábachtaí sa bhliain i ngort na hiomána ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tosaíonn an cluiche ag 3.30pm ar an Domhnach, 17 Iúil.