Labhair an tOllamh Brian Ó Broin ón Ollscoil William Patterson in New Jersey mar gheall ar thuras Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden chuig an Meán-Oirthear ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Ar cheann de na ceisteanna is lárnaí a bhaineann leis an gcuairt, tá an rogha atá roimh an Uachtarán Biden lámh a chroitheadh leis an bPrionsa Mohammad Bin Salman.
Dúirt Ó Broin nach bhfuil an dara rogha ag Biden ach a lámh a chur amach mar mura ndéanfadh, níl fhios cén tionchar a bheadh aige sin ar pholaitíocht idirnáisiúnta. Tá Meiriceá ag brath ar an tír seo mar gheall ar an Rúis agus praghas ola agus gáis.
Dúirt Biden roinnt blianta siar go ndéanfadh sé pariah as an bhfear céanna agus ó shin i leith, bhí ar a phort a athrú mar gheall ar an méid atá tithe amach san Úcráin.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6