Labhair Ferdia Mac Crann ó Mhet Éireann ar An Saol Ó Dheas, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chúrsaí aimsire don chéad choicís eile, deir sé go mbeidh an aimsir meascaithe ach go mbeidh sé níos fearr ná mar a bhí go dtí seo.
Táthar ag tuar go mbeidh an aimsir cúpla céim os cionn an mheáin an tseachtain seo chugainn agus nach bhfuiltear ag súil le mórán báistí.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cé go raibh an samhradh fliuch go dtí seo i gCorca Dhuibhne, ní mar sin a bhí sé in áiteanna eile sa tír, a deir Mac Crann.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00