Bhí ceann de na blianta ab fhearr riamh ag earnáil na turasóireachta sa Daingean i gCo. Chiarraí anuraidh, agus a bhuíochas go mór le muintir na hÉireann a chuaigh ar saoire ina dtír féin.
Ach conas mar atá i mbliana sa Daingean, anois go bhfuil an rogha arís ag Éireannaigh a gcuid laethanta saoire a chaitheamh thar lear?
Chuaigh Conn Ó Múineacháin, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta le labhairt le muintir an Daingin mar gheall ar an staid reatha an samhradh seo. Dúradh leis go bhfuil na turasóirí idirnáisiúnta fillte, idir Meiriceánaigh ach go bhfuil titim mhór sna turasóirí Éireannacha.
Luadh praghas na turasóireachta in Éirinn chomh maith le cúrsaí aimsire mar chúiseanna go bhfuil Éireannaigh ag imeacht thar lear arís.
Cé go bhfuil deilf an Daingin imithe, dúirt John Benny go bhfuil slí timpeall faighte ag bádóirí an Daingin agus iad anois ag tairiscint turais timpeall an chósta.
Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.