Chas Liam Ó Maonlaí agus Katerina Garcia píosa ceoil ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in ómós don scríbhneoir, Domhnall Mac an tSíthigh.
Tá Seicís, Catalóinis, Spáinnis agus beagán Gaeilge ag Katerina agus chas Liam agus ise le chéile ag scoil Lios na n-Óg i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil páistí ag Katerina ag freastal.
Bhí Liam agus Katerina i gCorca Dhuibhne le físeán ceoil a dhéanamh dá n-amhrán Tonnta Farraige Vigo, aistriúchán ar dán ón gceathrú haois déag. Bhí Liam i láthair lena chomhbhádóirí nuair a bádh an file Danny Sheehy in Vigo agus deir sé go bhfuil an t-amhrán seo oiriúnach don fhile.

Chum Martín Códax dán fé thonnta farraige Vigo sa ceathrú h-aois déag. Is i bhfarraigí Vigo a bádh Domhnal Mac an tSíthigh ar an 9ú Meitheamh 2017. Seo mar a chanann Liam Ó Maonlaí agus Katerina an t-amhrán le chéile.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00