Labhair Donnchadh Mac Fhionnghaile a bhí ag teagasc i gColáiste Anagaire agus Micheál Ó Máirtín a bhí i gColáiste Mhuire Loch an Iúir i mí Iúil 1972 nuair a báthadh ceathrar cailíní óga a bhí ag freastal ar choláiste Gaeilge, leathchéad bliain ó shin.
Cothrom an lae inniu leathchéad bliain ó shin bádh Máire Grae 14, as Cill Fhionntáin, Baile Átha Cliath, Catherine Carroll, 13, as Baile Mhuineacháin, Susan O'Reilly agus Bernadette McCabe 14, as Cluain Eois amach ó thrá Mhullach Dearg. Bhí siad ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta i Loch an Iúir agus Anagaire.
Dúirt Donnchadh cé nár labhair sé faoin tubaiste seo go poiblí roimhe seo ach go mairfidh an lá tubaisteach seo ina chuimhne go deo.
Dúirt Mícheál Ó Máirtín gurb é seo an chéad uair dó a bheith ag teagasc dá leithéid nuair a tharla an tubaiste seo. Deir sé gur chuimhin leis go raibh an áit measartha plódaithe mar gur lár an tsamhraidh a bhí ann sa tréimhse seo.
Bhí eolas áirithe ag an bhfoireann go raibh an fharraige contúrtach ach ní raibh crios sabhála nó fógra le feiceáil go raibh sruth dáinséarach ann.
Dúirt Donnchadh gur tharla an tubaiste i bhfaiteadh na súl, nuair a tharraing tonn an gaineamh faoi chosa na ndaltaí agus rith an fhoireann isteach le hiad a thabhairt isteach. Nuair a chuaigh an fhoireann tríd an rolla ina dhiaidh sin, thug siad faoi deara go raibh daoine ar iarraidh orthu.
D'éirigh leis an bhfoireann na seirbhisí eigeandála a fháil, cé nach raibh sé chomh héasca agus atá anois dul i dteagmháil le daoine sa bhliain 1972. Baineadh steangadh as gach duine nuair a thuig siad go raibh ceathrar ar iarraidh ón dá rolla ó choláistí samhraidh.
'Ní raibh muid réidh fána choinne seo. Ní raibh oiliúint orainn fána choinne seo'
Chaith an fhoireann agus daoine áitiúla síos ag cuartú na gcailíní seo go dtí gur thit an oíche. Thángthas ar an gcéad chailín, Bernadette Mc Cabe ó Chontae Mhuineacháin an chéad lá. Thángthas ar na coirp eile, Máire Grae, Catherine Carroll agus Susan O'Reilly, an lá dar gcionn.
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.