skip to main content

Foireann nua, ré difriúil: Anailís Dhara Uí Chinnéide ar Chiarraí

Labhair Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar bhua Chiarraí in aghaidh Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Cé nach raibh Páirc an Chrócaigh 'lán go barra' ag cluiche leathcheannais na hÉireann idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí, dúirt Dara Ó Cinnéide go raibh an t-atmaisféar ar fheabhas agus lucht leanúna an dá fhoireann ag tacú lena bhfoirne.

Seo mar a labhair bainisteoir Chiarraí, Jack O' Connor mar gheall ar an mbua a bhí acu.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Luaigh Dara go raibh 'aibhléis san aer' i measc an tslua agus do lucht leanúna Chiarraí ach go háirithe, dúirt sé go raibh daoine den tuairim go gcaithfidh an bua tarlú sa chluiche leathcheannais nó ní tharlódh sé ariamh.

Cé nach bhfuil trua ag Dara nó lucht leanúna Chiarraí do Bhaile Átha Cliath deir Dara go bhfuil 'fhios ag muintir Chiarraí conas mar a bhraitheann siad ag cailliúint le pointe amháin ag deireadh an chluiche.

Bhí moladh faoi leith ag Ó Cinnéide d'fhear na Gaeltachta, Brian Ó Beaglaoí, a raibh an lá ab fhearr ariamh i ngeansaí Chiarraí, dár leis.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00