skip to main content

Ó éadaí dara láimhe go haistí raidió: Emma Ní Chearúil

Emma Ní Chearúil
Emma Ní Chearúil

Labhrann Emma Ní Chearúil le Séamus Ó Scanláin ar an gclár An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a saol leis an nGaeilge go dtí seo.

Bíonn Gaeilgeoirí óga na linne seo faoi agallamh ag Séamus Ó Scanláin sa tsraith seo, agus is Emma Ní Chearúil a bheas faoi agallamh. Is duine de phobal Gaelach Chill Dara í Emma, a tógadh i Maigh Nuad ach atá anois ina cónaí i mBaile Cliath le scaitheamh maith de bhlianta. Tá sí ag obair faoi láthair mar chruthaitheoir meán-shóisialta agus mar chraoltóir raidió.

Éist anseo le haiste raidió de chuid Emma, Deargmhaidin ar Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Chomh maith leis sin, tá sí ina riarthóir ar mhargadh éadaí Aonach Amárach, margadh a bhfuil an-tóir air. Cuireann sí an-suim sna féilte ceoil freisin agus bhíodh baint aici lá den tsaol leis an bPuball Gaeilge ag Electric Picnic agus leis an bhféile Body and Soul.

Emma agus Seán, láithreoir Brisim Achan Riail

In this series, Séamus Ó Scanláin meets some of the young generation of Irish speakers in the country, and today he is joined by Emma Ní Chearúil from Kildare. Emma is from Maynooth, but has been living in Dublin for many years now. She is working as a social media creator, and a radio broadcaster. As well as that, she also manages the Aonach Amárach clothes market and swap shop, which is in big demand. Emma is very interested in music andfestivals, and used to be involved with the Puball Gaeilge tent at Electric Picnic, and with the Body and Soul festival.

Éist le An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt ag 1.30