Labhair Fergal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghlór na Móna ar an gclár Adhmhaidin faoin gcéim chun tosaigh atá tógtha ag Béal Feirste agus stádas oifigiúil bainte amach ag Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge.

Tá stádas oifigiúil bainte amach ag Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge. Labhraíonn Stiúrthóir Glór na Móna faoin méid a bheas ar siúl acu thar tréimhse seacht mbliana. Deir Fergal gur obair í seo atá ar bun le breis agus leathchéad bliain agus go bhfuil infrastructúr láidir curtha le chéile dóibh siúd a labhrann Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Deir Fergal go bhfuil spriocanna leagtha síos ag an bplean teanga a thabharfaidh na 5 Ghaelscoil, Coláiste Feirste, Raidió Fáilte agus An Chultúrlann ar fad le chéile chun pobal inbhuanaithe teanga a thógáil.

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ar a 8am.