Labhair Colmcille Ó Monacháin as Gaoth Dobhair ó dhúchas dó, agus an An Abhcóide Simon Mac Giolla Easpaig mar gheall ar an dualgas atá ar Ghardaí Gaeilge a labhairt i gceantair Ghaeltachta ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Colmcille ag caint eachtra a tharla dó ag barr Dhobhair i nGaoth Dobhair - oíche Dhomhnaigh ag pointe seiceála de chuid na nGardaí, áit nach raibh sé ar chumas an Gharda Gaeilge a labhairt leis, agus Simon ag tabhairt eolais maidir leis an dlí ó thaobh Gardaí agus an Ghaeilge.
Bhí triúr Garda ag an seicphointe, tháinig beirt fhear acu anall, mar a dhéanann siad. Dúirt Colmcille gur labhair sé leis i nGaeilge faoi dhó agus gur fhreagair an Garda i mBéarla. Luaigh Colmcille go raibh siad i gceantar Gaeltachta agus gur cheart go mbeadh sé in ann a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Mhínigh Colmcille gur comhrá beag múinte a bhí ann, eisean ag labhairt Gaeilge, agus an Garda ag labhairt Béarla. Dúirt Colmcille gur léir dó nach raibh 'fhios ag an nGarda cad le déanamh leis agus gur thug sé cead dó imeacht, ar deireadh.
Ní raibh iontas ar Cholmcille faoin méid a thit amach mar go bhfuil sé den tuairim go bhfuil 'an cultúr sin 'bunaithe ag an stát sa Ghaeltacht'. Dúirt Colmcille nach gcuireann seisean aon locht ar an nGarda ach ar an mbainistíocht a chur ann é.
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ar a 11