Labhair an tráchtaire Macdara Mac Donnchadha le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar na cluichí leathcheannais iomána atá romhainn.
Cíll Chainnigh agus Luimneach a bheidh á fhéachaint le chéile i gcluiche ceannais iomána na hÉireann i mbliana. An Clár agus an Ghaillimh cloíte an deireadh seachtaine seo.
Dúirt Macdara gur beag duine ó chontae na Gaillimhe a cheap go mbainfeadh Gaillimh cluiche an deireadh seachtaine.
Éist anseo le tuairimí an iarpheileadóra agus tráchtaire, Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas faoi staid reatha na peile.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Luaigh Macdara go raibh difear suntasach idir na foirne, ach go háirithe ar an mbinse. Bhí oidhreacht an bhainisteora, Henry Shefflin ar imreoirí na Gaillimhe agus iad breá mór agus fuinniúil. Feictear do Mhacdara go bhfuil dúshlán roimh an mbainiseoir anois teacht ar imreoirí nua le cur chun páirce don chéad bhliain eile.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00