Inniu an lá mór i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus iad ag ceiliúradh an neamhspleáchas. Labhair an tráchtaire Matt Mac Carthaigh ar An Saol Ó Dheas faoi staid reatha na tíre.
Labhair Dara Ó Cinnéide le Matt mar gheall ar an tír inár rugadh agus inár tógadh é. Dar le Matt gur beag tuiscint a bhí aige féin nuair a bhí sé ag fás aníos i Meiriceá mar gheall ar an gcuid eile den saol, lasmuigh de na stáit.
Baineann cumhacht le go leor d'fhéiniúlacht na tíre seo, a deir Matt, mar nach gá dóibh féachaint lasmuigh de na stáit aontaithe. Creideann Matt go mbíodh deiseanna ar fáil i Meiriceá nach raibh in áiteanna eile ar nós Éireann, chomh maith leis an tsaoirse a bhí ar fáil dóibh siúd a chónaigh ann.

Cé go bhfuil scaoilt mhór le haithint in sna grúpaí i Meiriceá anois, deir Matt go raibh sin riamh ann ach go bhfuil sé níos soiléire ná mar a bhí ariamh. Deir sé go bhfuil go leor daoine a bhraitheann lasmuigh den phobal i Meiriceá agus go bhfuil na deacrachtaí seo ag pléascadh i láthair na huaire.
Fiú amháin, nuair a thagann sé go cúrsaí teanga, tá neart teangacha á labhairt ann agus nach féidir iad ar fad a aontú, gan a bheith ag caint fiú faoi na pobail ar fad a thabhairt le chéile.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00