skip to main content

Siúinéir, ceoltóir, dornálaí: An Chéad Ghlúin Eile

Micheál Ó Domhnaill
Micheál Ó Domhnaill

An Chéad Ghlúin Eile, Dé Domhnaigh ag 6.30pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Sa tsraith seo, labhrann Séamus Ó Scanláin le Gaeilgeoirí óga na linne seo. Inniu ar an gclár, labhróidh sé le Micheál Ó Domhnaill. Is siúinéir, ceoltóir agus dornálaí é Micheál, as Tír an Fhia i gCeantar na nOileán i gConamara, áit atá fréamhaithe sa gceol agus sa gcultúr Gaelach. Labhróidh Micheál le Séamus inniu faoin luach, dar leis, atá le pobal tuaithe a neartú agus a chaomhnú, agus cá bhfeiceann sé an áit a 'dul sna blianta seo romhainn. Is fear é Micheál a bhfuil luach aige freisin ar a chreideamh, agus labhróidh sé faoin áit atá ag a chreideamh ina shaol ó lá go lá.

Séamus Ó Scanláin

In this summer series, Séamus Ó Scanláin introduces us to some of the younger generation of Irish speakers making their way in the world today. Today, he speaks to Micheál Ó Domhnaill. Micheál is a carpenter, musician and boxer from Tír an Fhia in Ceantar na nOileán in Conamara, a place steeped in music and tradition. He speaks to Séamus today about the importance of strengthening rural communities, and what he thinks the future holds for them. He also discusses the importance of religion for him in his daily life.

An Chéad Ghlúin Eile, Dé Domhnaigh ag 6.30pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta