Labhair Gormfhlaith Ní Thuairisg ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina tréimhe trí bliana agus fiche ag obair mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a bhfuil roimpi ina ról nua le hÚdarás na Gaeltachta.
Cé go ndeir Gormfhlaith gur 'thit' sí isteach i ngairm an iriseora, tá a rian fágtha go láidir aici ar chraoltóireacht na Gaeilge le breis agus scór bliain anuas. Thaitin gach aon lá léi, a deir sí, fiú amháin agus í ag éirí luath ar maidin le teacht isteach le hAdhmhaidin a chur i láthair.
Bhí Gormfhlaith ag obair i bpost eile go dtí go raibh sí déanach ina cuid fichidí, deir sí nár thuig sí go raibh spéis aici ann go dtí gur thosaigh sí ag craoladh.
Tá cáil ar Ghormfhlaith as na ceisteanna crua a chur sí go minic ar pholaiteoirí, deir, 'ní duine trodach mé' ach go raibh sí i gcónaí ag smaoineamh ar na ceisteanna a bheadh ag an lucht éisteachta.
Tá Gormfhlaith ag tosú ina ról nua mar Bhainisteoir Cumarsáide le hÚdarás na Gaeltachta go luath.
Éist le Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 9 agus 10