Labhair an léachtóir i stair Mheiriceá, Úna Ní Bhroiméil ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin méid a tharla ag éisteacht a bhaineann le Eanáir 6 nuair a glacadh seilbh ar thithe rialtais in Washington.
Thug Cassidy Hutchinson, cúntóir de chuid iar-Cheann Foirne an Tí Bháin Mark Meadows, fianaise inné faoi iompar an Uachtaráin le linn na hócáide seo. Dúirt Hutchinson go raibh an tUachtarán ag iarraidh dul chomh fada leis na sluaite a bhí ar Capitol Hill.
Dúirt Hutchinson gur luaigh an tUachtarán go raibh sé ag iarraidh dul ina measc toisc nach raibh seisean i mbaol.

Luaigh Hutchinson go ndearna Trump iarracht a fháil greim a fháil ar an roth stiúrtha agus tiomáint i dtreo na sluaite.
Deir Úna go léiríonn na héisteachtaí seo go raibh an tUachtarán feargach, gur féidir leis a bheith gangaideach agus teasaí.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6