skip to main content

Conspóid agus caid

Labhair Dara Ó Cinnéide ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar chluichí an deireadh seachtaine chomh maith leis an méid a bhfuil sé ag súil leis sna cluichí leathcheannais.

Cluichí leathcheannais peile na h-Éireann sroiste aige Ciarrai, An Ghaillimh, Doire agus Átha Cliath. Labhair Ó Cinnéide mar gheall ar an gconspóid a bhain leis an gcluiche idir Ard Mhacha agus Gaillimh, idir an tslí ar chríochnaigh an cluiche, chomh maith leis an mbruíon a thit amach.

Dara Ó Cinnéide

Dúirt Dara go raibh tionchar ag an gcéad chluiche ar an dara cluiche idir Maigh Eo agus Ciarraí. Mhínigh sé go raibh an fuinneamh nach mór imithe ó Pháirc an Chrócaigh. Mar gur chríochnaigh an chéad chuiche le ciceanna éirice, bhí go leor cainte faoi ar cheart go mbeadh a leithéid de chríoch ar aon chluiche peile in Éirinn.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00