RTÉ One Dé Luain, 27 Meitheamh ag 8pm agus ar an RTÉ Player
Dublin couple, Will and Don are dreaming of new adventures in beautiful Connemara. Can the show help them swap their city life for a new home in rural Ireland.
'Bog Amach' – sraith úrnua teilifíse ar RTÉ One ag díriú ar dhaoine atá ag iarraidh bogadh amach agus tithe níos fearr a fháil agus saol níos fearr a chruthú dóibh féin faoin tuath.
SRAITH NUA
— Gaeilge ar RTÉ (@GaeilgeRTE) June 27, 2022
Bog Amach | Anocht, 8pm | @RTEOne
An bhfuil saol nua i ndán do Will agus Don i gConamara?@Strident_Media @tessa_niadh @rte @RTERnaG @NIScreen #BogAmach #Gaeilge pic.twitter.com/TlNSpXspXk
Tá méadú mór ar an líon daoine atá ag malartú saol na cathrach, le tranglaim tráchta agus brú spáis, le saol nua, ciúin i gceantair tuaithe. Tá go leor acu meallta ag ceantair cois cósta, in aice sléibhte agus radharcanna deasa agus iad ar thóir saol nua. Réabhlóid shóisialta atá san ‘obair ón mbaile’ d’oibrithe agus d’fhostóirí agus bunaithe air sin, tá go leor daoine in ann a n-aislingí a leanacht.

Má tá daoine ag iarraidh oibriú ón mbaile, cén fáth nach mbeadh cónaí orthu sna háiteanna is áille sa tír? Deir gníomhairí tithíochta go bhfuil an-tóir ag daoine ar thithe amuigh faoin tuath.
Sa tsraith nua seo ina sé chuid, buailfidh an láithreoir Tessa Fleming le seisear clann i gcuid de na háiteanna is tarraingtí sa tír agus, le chéile, feicfidh siad an cineál saoil nua a bheadh rompu. Beimid ag taisteal ó thuaisceart Dhún na nGall go Sligeach, go Conamara, agus go deisceart Chiarraí ag féachaint ar na dúshláin agus ar na buntáistí a bhaineann le saol na tuaithe. Feicfimid raon leathan tithe i ngach áit – uathu siúd a dteastaíonn athchóiriú mór uathu go dtí na tithe atá réidh le siúl isteach iontu.
Gach seachtain cuidíonn Tessa le clann nó lánúin difriúil. An mbeidh siad in ann a n-aisling a aimsiú?
Beidh trí theach le taispeáint gach seachtain – ón ‘do-er upper’ go dtí an teach gleoite críochnaithe agus beidh an praghas dá réir. Beidh idir dhúshláin agus phléisiúr i ngach cuairt.
Beidh aithne ag go leor ar na ceantair eagsúla – bhíomar ansin ar ár laethanta saoire, nó chaitheamar tamall ann le linn ár n-óige. Feicimid ar fad na pictiúir sna nuachtáin agus ar an idirlíon, agus cén duine againn nach gcaitheann súil ar na suíomhanna tithíochta?
Ní faoi thithe amháin atá an tsraith ‘Bog Amach.’ Beimid ag díriú ár n-aird ar stíl bheatha na gceannaitheorí, féachaint le fáil amach an bhfeilfidh an ceantar a roghnaigh siad dóibh. Labhróimid le daoine gairmiúla agus le muintir na háite le comhairle a fháil uathu.
‘Bog Amach’ the brand new aspirational RTÉ One TV series that taps into the increasing number of people wanting better homes and richer lives by moving to the country.
More and more people are swapping hectic city life, traffic jams and lack of space for a quieter and more serene life in rural Ireland. They’re drawn by the coast, the mountains and the scenery in their search for a new way of life. And working from home has created a revolution for employers and workers, making the once seemingly impossible dream a reality.
So if working from home is the goal, why not choose a home that is ideally located in some of the most beautiful countryside in Europe? Estate agents across Ireland are reporting a boom in demand for properties in rural areas.
In this new 6-part series, presenter Tessa Fleming meets six different families in some of Ireland’s most stunning locations and explores with them what their new life could be like. Our cameras roam from north Donegal to Sligo, to Conamara, and to South Kerry as we look at the challenges and opportunities their new lives will bring. We visit a range of houses in each location: from those that are ready to move into to those that need more than a little work.
Every week, Tessa helps a different family in their search for a new home and new life. Can she help make their dream come true?
The first episode will be broadcast on RTÉ One on Monday, 27 June at 8 pm and will also be available on the RTÉ Player.