Cailleadh an ceoltóir aitheanta as Meiriceá, Denis Cahill. D'fhág sé oidhreacht shaibhir, cheolmhar ina dhiaidh chomh maith le cuimhní geala a roinn Steve Cooney agus Philip King leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Roinn ceoltóirí agus cairde le Dennis a gcuimhní cinn ar Dennis ó fuarthas an scéal go raibh sé ar lár. Cé gur Meiriceánach é Dennis, saol na himirce ab ea scéal Dennis.
Bhí ceangal le Ciarraí agus Dennis agus a mhuintir, ba é Dinny Ó Cathalláin ó Ghlaise Bheag agus h-Ann Ághas ón Muirígh a thúismitheoirí.
Chuaigh a thuismitheoirí go Meiriceá i lár na 40í as Corca Dhuibhne agus d'athraigh a athair a ainm ó Ó Cathalláin go Cahill le obair a fháil i Meiriceá.
Dúirt Steve Cooney gur duine de mhórcheoltóirí na hÉireann ab ea Dennis, le stíl sparáltha, nó minimalist. Bhí cairdeas láidir idir an bheirt ghiotaraí, a dúirt Cooney.
Listen to RTÉ Radio One's Arena's tribute to musician, Dennis Cahill.
Labhair Philip King mar gheall an tionchar a bhí ag Dennis ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Luaigh sé an draíocht a bhí idir Martin Hayes agus Dennis agus iad ag casadh ceoil le chéile.
Cloistear anseo, Liam Ó Cathalláin, uncail Denis le véarsa don amhrán Bheadh buachaillín deas aige Síle
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00