In an overwhelming time in the world, what is keeping Siún, Sinéad and Áine grounded and positive?Tá Beo ar Éigean ag caint ar an tríonóid naofa a bhaineann le aire mhaith a thabhairt duit féin, aer úr, aclaíocht agus am duit féin.

Anois agus an saol gnóthach fillte agus níos mó rudaí 'le déanamh' ná riamh, cén chaoi ar féidir linn a chinntiú go bhfuil am againn chugainn féin?

An bhfuil am á chur againn ar leataobh le haire a thabhairt dúinn féin nó an bhfuil an saol imithe in aimhréidh orainn ar fad, mar a mhothaíonn na BAÉs ó am go chéile.

Eist le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio 1 Dé Domhnaigh ar a 6 nó pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí