Bhí agóid lasmuigh den Roinn Oideachais inniu agus Gaelcholáiste á éileamh ag lucht na hagóide do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Labhair na daoine a bhí i láthair leis an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina n-éilimh.
Cé go bhfuil go leor leor páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna i gCathair Átha Cliath agus an ceantar maguaird, níl go leor Gaeloideachas ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo leanúint leis ar an dara leibhéal, a deir lucht na hagóide.
Deir siad go bhfuil 44 meánscoil sa cheantar agus nach bhfuil oiread agus ceann amháin ina Ghaelcholáiste.
Éist anseo le hEoin Ó Catháin ag caint le lucht agóide faoin ábhar céanna, i mBaile Átha Cliath Theas ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ar a 5.