skip to main content

Gníomhaithe Úcráineacha i dtaillte gafa ag an Rúis

Colún raidió le Nadia Dobrianska maidir leis na moltaí a thugtar le cuid de thalamh na hÚcráine a ghéilleadh leis an Rúis, mar a bhí ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ó cuireadh tús le hionradh na Rúise san Úcráin i mí Feabhra na bliana seo, tháinig athrú iomlán ar shaol na milliún Úcránach. D'éirigh leis an Rúis críocha i ndeisceart na hÚcráine agus roinnt críoch san oirthear agus sa tuaiseart a chur faoina smacht. Ach ansin, d’éirigh le hairm na hÚcráine roinnt críoch a shaoradh arís, ach tá a lán daoine san Úcráin faoi smacht na Rúise inniu. Baol mór dóibh is ea fuadach. Tá na céadta Úcránach tar éis imeacht as amharc i ndiaidh dóibh cuairt a fháil ó shaighdiúirí Rúiseacha. Gabhadh roinnt daoine i rith agóidí síochána in aghaidh forghabháil na Rúise i gcathair Kherson chomh maith.

Bíonn saoránaigh i mbaol bháis nuair a bhíonn siad gafa ag na Rúisigh. Is daoine iad a bhíonn gníomhach go poiblí: gníomhaithe, iriseoirí, lucht údárás na cathrach, oidí, oibrithe cultúir, baill den chléir, agus fiú amháin gaolta le daoine gníomhacha. Fuadaíodh 219 Úcránach gníomhach ón 24ú lá de mhí Feabhra. Chonaic a dteaghlaigh oifigigh de chuid airm na Rúise á ngabháil agus ní ligeann an Rúis do na teaghlaigh sin labhairt le daoine atá gafa acu. Agus níl a fhios ag na teaghlaigh cá bhfuil siad fiú.

Bhí an t-ádh ar 105 gníomhaí. Scaoileadh saor iad tar éis dóibh tamall a chaitheamh i ngéibheann. D’nis siad scéalta uafásacha d'iriseoirí mar gheall ar an gcéasadh agus an bhagairt a rinne saighdiúirí na Rúise orthu de bharr a gcuid gníomhaíochais. Is blagálaí as Berdiansk í Tetiana Tipakova. D’eagraigh sí agóidí síochána ina cathair dhúchais tar éis fhorghabháil na Rúise. D’fhuadaigh saighdiúirí na Rúise í faoi dhó i mí an Mhárta. Thug siad drochbhualadh di agus bhagair siad go ndéanfadh siad éigniú uirthi agus iad ag iarraidh cur ina luí uirthi go raibh an ceart ag an Rúis leis an ionradh. D’aontaigh sí físeáin bholscaireachta a dhéanamh tar éis dóibh sruth leictreach a úsáid uirthi. Bhí na saighdiúrí sásta leis agus scaoileadh saor í. D’éirigh léi imeacht as Berdiansk faoi rún ina dhiadh sin agus tá sí slán sábháilte anois.

Mar a labhair Nadia ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 faoina haistear go hÉirinn.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ní raibh an t-ádh ar dheichniúr gníomhaithe eile. Chuir na Rúisigh naonúr chun báis agus iad ina bpríosúnaigh. D’fhuadaigh saighdiúirí na Rúise stiúrthóir scannán mór le rá as an Liotuáin darbh ainm Mantas Kvedaravichius nuair a bhí sé ag scannánú i Mariupol i mí an Mhárta. Chuir siad chun báis é am éigin thart ar an dara lá de mhí Aibreáin, dé réir a chairde a bhí ag iarraidh a chorp a thabhairt abhaile ó Mariupol. Ag an am céanna, sa sráidbhaile Melekine gar do Mariupol d’fhuadaigh na Rúisigh iriseoir agus scríbhneoir aosta darbh ainm Evgeniy Bal’. Bhí sé 78 bliain d’aois. Bhí siad á bhualadh ar feadh trí lá gan stad de bharr go raibh sé ina iriseoir. Fuar sé bás de bharr an ionsaithe ar an dara lá de mhí Aibreáin chomh maith.

Kvedravicius Mantas

Níl a fhois ag aon duine cá bhfuil an 104 gníomhach a fuadaíodh sna críocha atá faoi smacht na Rúise. Tá buachaill ina measc atá 16 bliain d’aois. Vladyslav Buriak is ainm dó. Is mac é le duine de lucht údarás na cathrach i réigiún Zaporizhzhia é. D’fhuadaigh saighdiúirí na Rúise é ag seicphointe i mí Aibreáin agus é ag éalú lecairde a athar nuair a fuair siad amach cérbh é an t- athair. Níl a fhios ag aon duine cá bhfuil sé anois. Fuadaíodh Ihor Talalai agus 25 duine eile ag amanna difriúla agus iad ag seoladh cúnamh daonnúil go Mariupol agus ag bogadh daoine amach as an gcathair sin. Chonaic finnéithe éagsúla gur chuir saighdiúirí na Rúise bac leo agus níl a fhios ag aon duine go cinnte cá bhfuil siad anois. Tá eolas neamhoifigiúl ag roinnt teaghlach go bhfuil na daoine seo ina bpríosúnaigh gar do Donetsk, ach níl cead acu cumarsáid a dhéanamh lena ngaolta.

Buriak Vladyslav

Nuair a deir daoine go gcaithfidh an Úcráin scaoileadh leis na críocha atá faoi smacht na Rúise, ní thuigeann siad go bhfuil slándáil mhuintir an hÚcráine i gceist. Tá saoránaigh agus, go háirithe, gníomhaithe Úcránacha i mbaol sna críocha faoi smacht na Rúise gach lá. Tá sé an-deacair orthu éalú tar éis a bhfuadaithe agus iad á gcéasadh ag saighdiúirí na Rúise de bharr a gcuid gníomhaíochais. Mar sin, leanann a dteaghlaigh agus eagraíochtaí cearta daonna á lorg gan stad gan staonadh

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6