Labhair an Seanadóir ón gComhaontas Glas, Róisín Garvey ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an mbrú atá ar an tír seo an plean aeráide agus beartais bhreise a chur i bhfeidhm má tá muid lenár spriocanna a bhaint amach.
Deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go gcaithfear gach polasaí agus plean aeráide a chur i bhfeidhm agus beartais bhreise a chur i grích má tá Éire lena sprioc de laghdú astaíochtaí 51% a bhaint amach faoin mbliain 2030.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
D'admhaigh an Comhairleoir go bhfuil go leor leor le déanamh ag an rialtas seo leis na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfuil ról ag gach duine i ngach roinn le aghaidh a thabhairt air seo.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6