skip to main content

Gradaim Ghaeilge bronnta ar ghnóanna i nGaillimh

Tá Gradaim Ghaillimh le Gaeilge ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód i mbliana agus iad ag tabhairt aitheantais dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge mar chuid den ghnó i gCathair na dTreibh.

D'fhógair Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, ag searmanas speisialta bronnta in Óstán an g, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh gurb é KD AUTOPARTS buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. D'fhógair sé freisin ag an ócáid go raibh Oifigeach Pleanála Teanga nua ceaptha do Chathair na Gaillimhe.

Is é KD Autoparts an t-ionad ilfhreastail is fearr i nGaillimh le haghaidh rud ar bith a theastódh ó charr. Cuireann siad na mílte páirteanna agus giúirléidí ar fáil, ó scagairí aeir go dtí lanna do chuimilteoirí gaothscátha. Is saineolaithe oilte iad na baill foirne ar fad agus tá siad sásta comhairle a thabhairt i dtaobh aon rud a theastódh le haghaidh carr agus cuireann siad Seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil freisin.

Fógraíodh go raibh Catagóir 'Na Miondíola', a bhí urraithe ag Galway Bay FM, buaite ag KD AUTOPARTS agus chomh maith leis sin gurb iad buaiteoirí foriomlán an Ghradaim iad.

Ba iad buaiteoirí mórtasacha eile an Ghradaim ar an oíche ná:

Plámás - sa Chatagóir 'Turasóireacht & Fáilteachas', a bhí urraithe ag Fáilte Ireland.

Tribes Press – sa Chatagóir 'Seirbhísí’, a bhí urraithe ag Computer Troubleshooters.

Irish Socksociety – sa chatagóir 'Gnó Ar Líne' a bhí urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe.

Galway Hospice Foundation - sa Chatagóir ‘Cuideachtaí Neamhbhrabúis agus Eile’ a bhí urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

Dúirt Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht:

"Comhghairdeas libh as cloch mhíle thábhachtach a bheith bainte amach ag an nGradam i mbliana agus é ar an bhfód le 20 bliain. Chruthaigh an Gradam deiseanna iontacha chun go mbeadh an Ghaeilge in ann bláthú i gcathair na Gaillimhe le 20 bliain anuas, ag mealladh ainmniúchán ó eagraíochtaí ilnáisiúnta, spóirt, agus ealaíne, trádálaithe aonair, óstáin, ionaid siopadóireachta, bialanna, comhlachtaí ola agus níos mó, iad uile den tuairim go bhfuil an Ghaeilge ábhartha dá ngnólacht agus iad bródúil as an ról a imríonn siad chun an Ghaeilge a neartú agus a láidriú sa chathair."