Bhí Iris Aniar i láthair nuair a cuireadh tús le Comórtas Peile na Gaeltachta i bPáirc an Mháimín, Leitir Mór, áit a mbeidh foirne Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar a chéile don deireadh seachtaine ar fad.
Seo na sonraí do chraoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta don deireadh seachtaine ag an gComórtas
Dé Sathairn
Beidh cluichí ar siúl ar Pháirc an Mháimín, ar Pháirc an Chathánaigh, ar Pháirc na mBreathnaigh, ar Pháirc na bPiarsaigh agus ar Pháirc Ros a Mhíl inniu i gComórtas Peile na Gaeltachta, agus beidh coinneoidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta eolas leis na héisteoirí ar feadh an lae ón 11 am ar maidin nó go mbuailfear an cic deireanach ar an liathróid anocht.

Dé Domhnaigh
Beidh cluichí leath-cheannais sinsir agus sóisir na bhfear, agus leathcheannais sinsir na mban, chomh maith le cluiche ceannais sóisir na mban, ar siúl inniu i gComórtas Peile na Gaeltacht agus beidh an t-aicsean uilig le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcaitheamh an lae.
Dé Luain
An t-aicsean uilig beo ó Pháirc an Mháimín, le Cluiche Ceannais Sóisir na bhFear ag 11. 45 am, Cluiche Ceannais Sinsir na mBan ag 2 pm, agus Cluiche Ceannais Sinsir na bhFear ag 4 pm.