Beidh TG4 i lár an aonaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Leitir Móir deireadh seachtaine na Cincíse.
Den chéad uair riamh, mar príomhurraitheoir an chomórtais, craolfar gach cluiche a bheidh le himirt ar Pháirc an Mháimín ar ardáin TG4, idir TG4 agus cainéal Youtube Spórt TG4 agus beidh na cluichí ar fáil do lucht féachana ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4.
Cuirfidh Micheál Ó Domhnaill na cluichí i láthair le tráchtaireacht ó Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta. Is iad Aodhán Mac Gearailt, Seán Óg de Paor, Rhíona Ní Bhuachalla, Emer Gallagher a bhfuil sé chraobhchomórtas peile buaite aici, agus Caomhín Ó Casaide a dhéanfaidh anailís ar na cluichí.
Seolfar an fhéile go hoifigiúil sa Spórtlann oíche Dé hAoine an 3 Meitheamh ag 9pm agus craolfar an chéad chlár den tsraith nua Spórt Iris ón Spórtlann ag 9.55pm, á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide agus Gemma Ní Chionnaith.
Craolfar den chéad uair freisin Cluiche Ceannais Sinsir na mBan ar TG4 Dé Luain agus beidh Cluiche Ceannais Sóisir na mBan beo ar YouTube ar an Domhnach.

Beidh Nuacht TG4 ag tuairisciú ón gcomórtas agus beidh MOLSCÉAL ar an láthair i gcaitheamh an deiridh seachtaine agus beidh neart duaiseanna le tabhairt amach acu. Craolfar comórtas An Cailín Gaelach beo ar leathanach Facebook Molscéal.