Craoladh eagrán speisialta den Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh bhreithlá Mháiréad Uí Lionáird ó Ghort na Scairte, Baile Bhúirne.
Labhair Máiréad le Helen Ní Shé mar gheall ar a hóige, faoi imirce na dteaghlach agus an chlann cheolmhar a thóg sí lena fear céile, Mícheál. Cé gur páiste aonair ab ea Máiréad, deir sí nach raibh sí uaigneach mar go mbíodh sí ag súgradh le páistí na gcomharsan agus go mbíodh níos mó baint ag comharsan lena chéile an uair sin, ná mar atá anois.
Tá cuimhní ag Máiréad ar an gcogadh agus nuair a bhíodh leithéidí tae agus siúcra gann sa tír seo chomh maith le go leor cuimhní faoi shaol na tuaithe in Éirinn.
Éist le mac Mháiréad, Iarla i mbun cheoil le Steve Cooney ar an gclár, Sunday with Miriam.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Casadh a fear, Mícheál urithi nuair a bhí sí ina bean óg agus dúirt sí go raibh fhios aici go raibh rud éigin eatharthu an chéad lá agus bhí sí ag fanacht le litir 'theacht uaidh, rud a tháinig go luath ina dhiaidh sin.
Bhí dáréag páistí ag Máiréad agus Mícheál. Deir sí go raibh smacht ag an Eaglais Chaitliceach ar chúrsaí ban ag an am ach nach raibh cathú uirthi go raibh an oiread páistí acu.
Cailleadh beirt den chlann Mícheál agus Bríd agus cé go bhfuil an brón maolaithe, deir Máiréad go bhfuil a croí briste ar feadh a saoil mar gheall ar na cailliúintí seo.
Craolfar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00