Dé hAoine, 3 Meitheamh ag 9.55 a thosóidh clár nua, Spóirt Iris ar TG4. Is iad Dara Ó Cinnéide agus Gemma Ní Chionnaith a chuirfidh an clár inár láthair.
Is iad laoch peile Chiarraí, Dara Ó Cinnéide agus láithreoir TG4, Gemma Ní Chionnaith, a chuirfidh SPÓRT IRIS i láthair agus seolfar an tsraith le craoladh beo ón gcéad oíche de Chomórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe Dé hAoine an 3 Meitheamh ag 9.55pm.
Ina dhiaidh sin, beidh Dara agus Gemma i bPáirc an Chrócaigh gach seachtain agus painéal saineolaithe ina dteannta chun anailís a dhéanamh ar an scoth d'aicsean Spóirt le linn an tsamhraidh agus súil chun cinn a chaitheamh air lena n-áirítear Craobhchomórtais Iomána, Pheile, Pheil na mBan agus Chamógaíochta CLG chomh maith leis an aicsean ó Rásaí na Gaillimhe gan ach beagán acu a lua.

I dteannta Dhara agus Gemma ar an gcéad clár beidh Marc Ó Sé, Kevin Cassidy, Michael Rice agus Joe Connolly agus beidh agallamh beo againn le bainisteoir iomána Phort Láirge Liam Cahill.
Maidir le seoladh an Chláir nua, dúirt Dara Ó Cinnéide
"Táim ag súil go mór le bheith ar ais ar TG4 leis an léiriú iontach nua seo. De bharr go mbeidh meascán ar an gclár i dtaobh anailís saineolaithe, plé faoi bhuaicphointí na seachtaine agus agallaimh bheo le príomhphearsaí na scéalta móra a thiocfaidh chun cinn i rith an tsamhraidh, creidim go líonfaidh SPÓRT IRIS gach oíche Dé hAoine bearna sa sceideal seachtainiúil do na daoine sin in Éirinn a dtaitníonn spórt go mór leo.
Tá eolas maith ag an lucht féachana spóirt ar Gemma Ní Chionnaith ó Rugbaí Beo a chur i láthair le gairid ar TG4 agus dúirt sise, "Tá daoine ag rá liom le fada go bhfuil seó spóirt seachtainiúil, ina gcaitear súil chun cinn ar aicsean spóirt uile an deiridh seachtaine, in easnamh ar theilifís na hÉireann agus mar sin tá an-áthas orm a bheith páirteach sa tsraith nua seo le TG4. Táim ag súil le bheith amuigh ar an mbóthar agus a bheith i lár na scéalta a mbeimid ar fad ag faire orthu ar feadh an tsamhraidh."