Labhair an craoltóir Sláine Ní Chathalláin le hÁine Ní Bhreisleáin ar an gclár, Bladhaire mar gheall ar an háiteanna is deise le hithe in Iarthar Dhuibhneach.
Dár ndóigh, tá cáil ar an Daingean agus taobh thiar den Daingean ar an gcaighdeán bia atá ar fáil ann. Deir Sláine go bhfuil na meáin shóisialta ag cabhrú go mór le leithéidí an Daingin mar go bhfuil daoine sa tóir ar thaithí speisialta bia.
Luaigh Sláine go mbíonn sí 'ar mhuin na muice' nuair a lorgaíonn daoine eolas áitiúil uaithi mar gheall ar an gceantar speisialta seo.
Don bhricfeasta
Molann Sláine áit atá nua go leor sa Daingean a aimsiú darbh ainm Seed and Soul. Deir sí go bhfuil deoch ar fáil ann a bhfuil 'ithe agus ól ann' chomh maith le milseoga áille.
Tá cáil amuigh ar Bean in Dingle le roinnt blianta anuas mar gheall ar an gcaifé ach chomh maith le sin is féidir leat léite a fháil le tabhairt leat
Más duine thú a thaitníonn arán nó earraí bacáilte a cheannach, deir Sláine go bhfuil an cinnamon roll is deise ar fáil in Bácús.
Don lón:
Molann Sláine cuairt a thabhairt ar Ashe's chun lón deas, réidh a bheith acu sa Daingean mar is áit í go mbeifeá ar do chompord ar feadh an lae, ach go háirithe dá bhfaighfidh tú an bord ag an bhfuinneog.
Le déanaí, tá biachlár nua ag Benners Hotel atá sa bhaile le fada an lá, a mholann Sláine go mór ach go háirithe an burrito nua atá curtha acu leis an mbiachlár.
Ag dul siar ón Daingean, deir Sláine gurb é Baile na nGall 'an baile beag is fearr ar domhan', áit a bhfuil siúlóidí breátha, snámh álainn san fharraige agus cúpla áit iontach le hithe, Tigh T.P agus Tigh Bheaglaoích.
Don dinnéar:
Tá neart, neart áiteanna don dinnéar ach molann Sláine boird a chur ar in áirithe más féidir roimh ré mar go mbíonn éileamh mór ar na bialanna.
Áit speisialta í Solas Tapas atá in Sráid na Trá sa Daingean agus bíonn go leor leor daoine ag triail ar an áit mar gheall ar an gcáil atá air.
Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5