skip to main content

Saol agus saothar: Carrie Crowley

Labhair an craoltóir agus aisteoir Carrie Crowley le hÁine Ní Bhreisleáin ar an gclár Bladhaire mar gheall ar a saol agus saothar mar chraoltóir agus mar aisteoir.

Rugadh agus tógadh Carrie Crowley i gcontae Phort Láirge ach ba as Tír Chonaill agus Corcaigh a tuismitheoirí. Dúirt sí go bhfuil ceangail mhór aici le Tír Chonaill agus bíonn sí ag freastal ar ranganna Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.

Ag caint ar a hóige, deir Crowley go raibh laethanta iontacha aici agus í ar scoil agus gur caitheadh go cneasta léi. Fuair sí taithí aisteoireachta agus í ar an mbunscoil agus deir Carrie go raibh an t-ádh uirthi a bheith ar scoil dá leithéid.

Fuair Carrie blaiseadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus í ina cailín óg nuair a thug sí cuairt go Ros Muc, i gConamara.

Mar a labhair Carrie Crowley agus Catherine Clinch ar The Ray D'arcy Show faoin scannán An Cailín Ciúin.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Mhínigh Carrie nach raibh an oiread spéis aici san oideachas ach gur cháiligh sí mar mhúinteoir agus chaith sé ag blianta ag teagasc sular thóg sé an chéim i dtreo na n-ealaíon. Deir sí gur tháinig rudaí maithe ina treo i gcónaí cé nach raibh fhios aici cá mbeadh an chéad phost eile.

D'imigh Carrie ó rud go rud, ó aisteoireacht go ceol, ó cheol go raidió agus ón raidió anois go dtí an aisteoireacht.

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5