skip to main content

Cuimhní ar Choláistí Samhraidh

Le ceiliúradh a dhéanamh ar athoscailt na gColáistí Samhraidh i ndiaidh na paindéime, d'eisigh an Post dhá stampa nua. Labhair Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta le bean an tí agus iad siúd a d'fhreastail ar an Coláistí lena gcuimhní cinn a roinnt.

Roghnaigh An Post labhairt le bean an tí ar oileán Aráinn Mhóir Anna Uí Ghallachóir mar gheall ar a taithí siúd ag plé le Coláistí Samhraidh. Dúirt Anna go bhfuil sí sásta go bhfuil aitheantas á thabhairt do mhá tí a rinne obair na gcapaill le blianta anuas.

Dúirt Anna go bhfuil coláistí samhraidh fíorthábhachtach don oileán maidir leis an eacnamaíocht mar go gcuireann sé obair ar fáil, áit nach bhfuil fostaíocht fhairsing. Luaigh Anna go raibh an t-oileán féin gann ar na daltaí le roinnt le blianta anuas de thoradh na paindéime.

Éist anseo le Jack Chambers, T.D mar gheall ar na srianta a bheith maolaithe maidir le Coláistí Samhraidh

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Luaigh Anna go mbíonn imní ar na mná tí gach bliain sula dtosaíonn na cúrsaí mar gheall ar na nithe ar fad a bhaineann le daoine a thabhairt isteach chun tí ach go bhfuil na mná tí sásta ar an iomlán leis an tslí go bhfuil cúrsaí fiú go bhfuil rialacha sa bhreis ann maidir leis an víreas corónach.

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.