skip to main content

Bailiúchán Liam Uí Néill san Ardchathair

Tháinig foireann An Saol Ó Dheas chomh fada le Baile Átha Cliath le taispeántas ealaíne Liam Uí Néill a cheiliúradh in óstán Merrion.

Dúirt Liam gur tháinig a chara, Eddie Hutch agus é féin le chéile ag tús na paindéime agus gur labhair siad faoina leithéid d'ócáid a chur ar bun ach nach raibh 'fhios acu an bhféadfaidís é a bhaint amach in aon chor. Íomhánna den bhfarraige atá i gcuid mhór de phictiúrí Liam, cé nach raibh sé amuigh ar muir le daichead bliain a dúirt sé.

I measc na gcairde a bhí i láthair agus a labhair ar an gclár, bhí:

Séamus Ó Súilleabháin, Liam Ó Néil, Lorcán Ó Cinnéide,Cyril Kelly,Ronán Ó Snodaigh,Sinéad Ní Uallacháin, Máire Ní Chonchúir, Caitlín Ní Chatháin, Deirdre Brugha, Risteárd Ó Laoide, Seán Ó Duinnshléibhe, Eddie Hutch, Gearóid Ó Conghaíle agus Micheál Ó Maolchiaráin

Liam Ó Néill agus Eddie Hutch

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00