skip to main content

Tráchtaireacht agus tuairimíocht ar a bhfuil le teacht sa CLG

Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide i bPáirc an Chrócaigh
Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide i bPáirc an Chrócaigh

Scríobhann Garry Mac Donncha a bhéas i mbun tráchtaireachta i nGaeilge ar RTÉ ag tosú Dé Sathairn, 28 Bealtaine faoina bhfuil tarlaithe le linn shéasúr samhraidh an CLG agus faoina bhfuil i ndán dúinn amach anseo.

Tá an deireadh seachtaine deireanach i mí Bealtaine buailte linn agus tá muid beagnach leath bealaigh tríd na craobhacha peile agus iománaiochta a thosaigh 6 seachtaine ó shin i Loch Garman nuair a thug an fhoireann baile aghaidh ar Ghaillimh i gCraobh Iománaíochta Chúige Laighean.

Idir an dá linn tá slán fágtha ag leithéidí Port Láirge, Tiobraid Árann agus Áth Cliath leis an gcraobh iomanaíochta agus fuair muid léargas arís ar cé chomh suimiúil agus atá an comórtas ciorclach sna cúigí, a bhí ar ais i mbliana don chéad uair ó 2019.

Éist anseo le Dara Ó Cinnéide ag caint ar An Saol Ó Dheas faoi staid reatha fhoireann Chiarraí.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bhí tábhacht le gach cluiche a himríodh sa mbabhta deiridh sa dá chúige an deireadh seachtaine seo caite a thaispeánann go n-oibríonn an struchtúr sin san iománaíocht. Mí ó shin, nuair a bhuail Luimneach Port Láirge i sár-choimhlint i gCraobh na Mumhan le farasbarr trí phointe, bhí na saineolaithe ag tuar, ní amháin go gcasfadh na foirne ar a chéile arís i gCluiche Ceannais na Mumhan, ach go mbeidís in iomaíocht i gCluiche Ceannais na hÉireann lá níos faide anonn. Ach thit an tóin as iománaithe na nDéise ó shin, agus faoi láthair sa chúige tá rith an rása le hiománaithe An Chláir agus beidh an cluiche ceannais idir iad agus Luimneach faoi cheann seachtaine thar a bheith iomaíoch.


Glactar leis nach mbíonn na géar-choimhlintí céanna i gCraobh Iománaíochta Chúige Laighean, ach bhí sé chomh spéisiúil le ceann na Mumhan i mbliana. In aineoinn gur chaill Cill Chainnigh dhá chluiche, is iadsan a bhéas in iomaíocht le Gaillimh sa gcluiche ceannais. Níor chaill na hIartharaigh aon chluiche craoibhe go dtí seo ach bhí conspóid ag baint lena mbua aon phointe amháin i gcoinne na gCat i Staid an Phiarsaigh, gan trácht ar an hullabalú a d'eascair as croitheadh láimhe Henry Shefflin agus Brian Cody!

Brian Cody agus Henry Shefflin

Beidh na ceamaraí i bPáirc an Chrócaigh ag coinneáil súil ghéar ar an mbeirt acu roimh, le linn agus i ndiaidh na himeartha. Agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar an dá fhoireann a chríochnaigh sa tríú háit sa dá chúige, sin iad Corcaigh agus Loch Garman. Rachaidh siad beirt tríd an gcúldoras go dtí an babhta ceathrú ceannais agus beidh Corcaigh le tánaistí Chúige Laighean agus na Carmanaigh le tánaistí na Mumhan. Ach i láthair na huaire chaithfeá do chuid airgid a chur ar rogha na coitiantachta Luimneach le Corn Mhic Cárthaigh a chrochadh den tríú bliain as a chéile.

Maidir le cúrsaí peile, i ndiaidh an deireadh seachtaine seo beidh fhios againn cé hiad na curaidh i ngach cúige. Tá Áth Cliath ar thóir an 12ú Craobh Laighean as a chéile ar an Satharn agus ní fheicim Cill Dara ag cur srian leo agus ba chóir go mbeadh bua cuimsitheach ag Ciarraí in aghaidh Luimneach i gCúige Mumhan, ach tá na coimhlintí idir Ros Comáin agus Gaillimh i gConnacht agus Dún na nGall i gcoinne Dhoire ó thuaidh níos deacra a mheas.

Bhí Gailimh go maith i gcoinne Mhaigh Eo agus is iad rogha na coitiantachta, ach níl aon fhaitíos ar Ros Comáin rompu agus bhuail siad Gaillimh i Staid an Phiarsaigh i gcluichí ceannais an chúige i 2017 agus 2019. É sin ráite, tá tosaithe níos fearr ag Gaillimh agus ceapaim go mbeidh siad caithréimeach.

I gCúige Ulaidh tá rud éicint ag rá liom go mbainfidh Doire croitheadh as an Conallaigh. Is breá liom an stíl peile a imríonn siad agus bhíodar ar fheabhas i gcoinne seaimpíní na hÉireann Tír Eoghain agus Muineachán.

Is deacair a chreidiúnt go raibh siad ag imirt i Roinn a 4 na sraithe 3 bliain ó shin. Tá an cúldoras ar ais sa pheil freisin i mbliana agus cá bhfios nach bhfeicfeadh muid Maigh Eo ar oilithreacht eachtrach eile go Páirc an Chrócaigh!!

Bainisteoir Dhoire, Rory Gallagher

Is idir Ciarraí agus Áth Cliath atá sé is dóigh liom chun an chraobh a thabhairt leo i mbliana agus má leanann siad ag buachaint a gcuid cluichí tá siad le bheith in iomaíocht lena chéile sa gcluiche leath-cheannais.
Ar a bharr sin tá Corn Tailteann againn freisin anois agus tá súil agam go n-éireoidh leis an gcomórtas sin. Imreofar na cluichí leath-cheannais agus ceannais i bPáirc an Chrócaigh agus beidh siad le feiceáil beo ar RTÉ agus roghnófar foireann Allstars freisin.

Tá 7 gcluiche le n-imirt an deireadh seachtaine seo i gCorn Tailteann agus d’fhéadfadh na cluichí ar fad a bheith sách cóngarach faoi cheann scríbe.

Arís i mbliana beidh RTÉ ag cur tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar na cluichí móra craoibhe as seo go dtí na cluichí ceannais. Sé chluiche dhéag ar fad atá le craoladh i nGaeilge, idir peil, iománaíocht agus camógaíocht, agus is féidir féachaint orthu beo ar chainéal Nuachta RTÉ agus ar Sheinnteoir RTÉ.

Ar an Satharn beidh tráchtaireacht againn ar Chluiche Ceannais Peile Laighean idir Áth Cliath agus Cill Dara agus is é Dara Ó Cinnéide a bhéas i mo theannta sa mbosca tráchtaireachta. An lá dár gcionn beidh an bheirt againn i bun tráchtaireachta arís ar chluiche ceannais Chonnacht idir Ros Comáin agus Gaillimh.

Beidh an tráchtaireacht seo ar fáil do 16 cluiche san iomlán, cluichí ceannais cúige, cluiche ceathrú ceannais, cluichí leath ceannais agus na cluichí ceannais san iománaíocht agus sa pheil chomh maith le tráchtaireacht don chluiche ceannais camógaíochta.

Garry Mac Donncha

Tosaíonn an tráchtaireacht ar an 28 Bealtaine ar Saorview, RTÉ News Channels chomh maith le Seinnteoir RTÉ.

Commentary as Gaeilge begins on Saturday 28th May for the Leinster Senior Football Championship in Croke Park and can be found on Saorview, RTÉ News Channels and RTÉ Player