Labhair Suzan O' Gara le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas mar gheall ar na pleananna atá ar bun le Féile Rós Thrá Lí i mbliana.
Tá an comórtas stairiúil ag filleadh ar bhaile Thrá Lí agus dúirt Suzan go bhfuil fíorshuim léirithe ag mná óga na tíre seo agus níos faide i gcéin sa chomórtas, i ndiaidh briseadh na paindéime. Níl sé éasca tú féin a chur os comhair dhaoine eile mar a dhéanann na mná seo agus deir sí go bhfuil aitheantas ag dul dóibh as sin.
Éist anseo le Jamie Flannery ag caint ar an gclár Bladhaire faoin gcomórtas agus a thaithí mar ghiolla na bliana
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Beidh 33 spéir bhean san iomaíocht d'Fhéile Rós Thráilí i mbliana agus tá deichniúr acu san roghnaithe cheana féin. Beidh príomh imeachtaí na Féile ar bun ar láthair Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i mbliana agus na Rósanna cur fúthu in Óstán an Meadowlands
Éist anseo le Dáithí Ó Sé ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint ar an gcomórtas a cuireadh ar ceal arís anuraidh
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00